Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 1:22

An Bíobla Naofa 1981

Os cionn chloigne na n‑ainmhithe bhí mar a bheadh firmimint ann, ag soilsiú mar chriostal, agus é ag déanamh stua os a gcionn.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Agus leathann gile ón aird thuaidh. Tá maorgacht eaglach uime ag Dia;

agus chonaiceadar Dia Iosrael, agus faoina chosa bhí mar a bheadh páváil saifíre, agus í mar neamh féin ar ghile.

agus bhí gleo ann (os cionn na firmiminte, lastuas dá gcloigne; ar stad dóibh, lig siad a sciatháin síos).

Os cionn na firmiminte thuas bhí mar a bheadh ríchathaoir ann cosúil le saifír, agus ina shuí os cionn na ríchathaoireach seo bhí neach i gcosúlacht fir.

D'amharc mé ansin agus chonaic san fhirmimint os cionn chloigne na gceiribiní mar a bheadh saifír i riocht ríchathaoireach.

Ba iad seo na dúile a chonaic mé faoi Dhia Iosrael ag an abhainn Ceabár agus bhí fhios agam gur cheiribíní iad.

agus glóir Dé aici. Ba chosúil a lonradh le cloch rólómhar, mar chloch sheaspair ar ghile an chriostail.

Agus an té a bhí ina shuí bhí sé ar lí seaspair agus sairdis agus bhí bogha ceatha timpeall na ríchathaoireach ar dhealramh na smaragaide.

Agus os comhair na ríchathaoireach tá mar a bheadh farraige gloine, cosúil le criostal. Agus i lár baill ag an ríchathaoir, agus mórthimpeall na ríchathaoireach, tá ceithre dhúil bheo atá lán de shúile chun tosaigh agus laistiar.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí