Ar thrasnáin an chreatlaigh bhí leoin, agus tairbh, agus ceiribíní, agus ar bharr an chreatlaigh bhí teannta; thíos faoi na leoin agus na daimh bhí fleasca fiartha.
Dúirt sé leis an bhfear in éadach lín: “Imigh isteach idir na rothaí atá ag casadh thart faoi na ceiribíní; tóg mám d'aibhleoga as an tine atá idir na ceiribíní, agus scaip iad ar fud na cathrach.” Isteach leis agus mé ag amharc air.
Is cosúil an chéad dúil bheo le leon agus an dara dúil le damh; tá aghaidh mar aghaidh duine ar an tríú dúil, agus tá an ceathrú dúil cosúil le hiolar ar eitilt.