Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eizicéil 1:10

An Bíobla Naofa 1981

Maidir le cuma a n‑aghaidheanna bhí aghaidh duine ag gach ceann acu ar tosach, bhí aghaidh leoin ag an gceathrar ar dheis, aghaidh tairbh ag an gceathrar ar chlé agus aghaidh iolair ag an gceathrar ar chúl.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Ióaelá, Zabadiá, clann mhac Iarochám ó Ghadór.

An le hordú uaitse a eitlíonn an t‑iolar in airde Agus a dhéanann sé a nead sna harda?

Gan damh gan farae; le neart daimh tagann fómhar fial.

Ach an dream a bhfuil a súil leis an Tiarna, tagann neart úr iontu, éiríonn siad ar eití mar a bheadh iolair. Ritheann siad gan a bheith cortha, siúlann siad rompu gan tuirse a theacht orthu.

Meabhraígí sin, a lucht an éirí in airde, déanaigí machnamh air agus tagaigí ar bhur gciall;

ceithre aghaidh ar gach aon cheann acu agus ceithre sciathán ar gach aon cheann.

Bhí ceithre aghaidh ar gach ceann acu: aghaidh [daimh] ab ea an chéad aghaidh, aghaidh duine an dara ceann, aghaidh leoin an tríú ceann agus aghaidh iolair an ceathrú ceann.

aghaidh duine os comhair an chrainn phailme ar thaobh amháin agus aghaidh leoin os comhair an chrainn phailme ar an taobh eile, agus iad snoite thart timpeall an Teampaill ar fad.

“Ar an taobh theas: bratach champa Reúbaen faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Reúbaen: Eilíozúr mac Shidéúr,

“Ar an taobh thiar: Bratach champa Eafráim faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Eafráim: Eilíseámá mac Aimíohud,

“Ar an taobh thuaidh: bratach champa Dhán faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Dhán: Aichíeizir mac Aimíseadái,

Maidir leo siúd atá lena mbothanna a chur lastoir: i dtreo éirí gréine, bratach champa Iúdá, faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Iúdá: Nachsón mac Amaíneádáb,

Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”

A bhráithre, ná bígí leanbaí in bhur meon; sea, bígí ar nós an linbh ó thaobh na hurchóide, ach bígí fásta suas ó thaobh an mheoin de.

Seolfaidh an Tiarna náisiún i do aghaidh ón imigéin, ó imill na cruinne, é mear mar iolar ag eitilt; náisiún é nach dtuigeann tú fiú a theanga;

Is cosúil an chéad dúil bheo le leon agus an dara dúil le damh; tá aghaidh mar aghaidh duine ar an tríú dúil, agus tá an ceathrú dúil cosúil le hiolar ar eitilt.

Ach dúirt duine de na seanóirí liom: “Ná bí ag gol. Féach! bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví, i dtreo go n‑osclóidh sé an scrolla agus a sheacht séala.”

Ar an seachtú lá sula ndeachaigh Samsón isteach i seomra na lanúine, dúirt fir na cathrach leis: “Cad is milse ná mil? Cad is tréine ná leon?” D'fhreagair sé: “Gan treabhadh le mo bhodóg Ní bhfaigheadh sibh fios mo thomhais.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí