nach bhfuil eolas a Eistir 1:10 Molaimid dul i gcomhairle le leagan difriúil ón Bhíobla Críostaí sa chuid roghnóir ar an mbarr. Go raibh maith agat as úsáid Bibliatodo.
Dáileadh bia orthu ansin ina chodanna ó bhord Iósaef, ach an chuid a cuireadh chun Biniáimin ba mhó faoi chúig í na cuid aon duine eile díobh. D'óladar fíon ina theannta go rabhadar súgach.
agus ansin thug sé ordú dá ghiollaí: “Cuirigí cluas oraibh féin! Nuair a bheidh Amnón súgach ón bhfíon, agus go ndéarfaidh mise: ‘Buailigí Amnón,’ maraígí ansin é. Ná bíodh eagla oraibh! Nár thug mé ordú daoibh? Bíodh misneach agaibh agus bígí calma!”
Liúdar ansin le barr áthais agus dúradar: “Cuirigí fios ar Shamsón d'fhonn go ndéanfadh sé cleasa dúinn.” Cuireadh fios ar Shamsón as an bpríosún agus rinne sé cleasa dóibh. Chuireadar d'iallach air seasamh idir na colúin.
Shuíodar síos dá bhrí sin, agus chromadar ar ithe agus ól, an bheirt acu le chéile. Dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: “Seo, fan anocht chomh maith, le do thoil, agus bí go súgach!”
Nuair a bhí bia ite agus deoch ólta ag Boaz agus go raibh sé go súgach, chuaigh sé a luí ag imeall an charn arbhair. Ansin tháinig sí os iseal agus chas siar an brat a bhí ar a chosa agus luigh ansiúd.