Déanaigí bhur ndualgas le fonn amhail agus dá mba don Tiarna a bheadh sibh ag seirbhís agus nach do dhaoine,
Tá a fhios agaibhse go bhfuil seirbhís déanta agam do bhur n‑athair le barr mo nirt.
Tháinig a shearbhónta chuige agus dúirt leis: “A athair, dá n‑iarrfadh an fáidh ort rud éigin deacair a dhéanamh, is cinnte go ndéanfá é. Nach móide is ceart duit a bhfuil ráite aige leat anois a dhéanamh: ‘Nigh thú féin agus beidh tú glan’?”
Bhí sibh tráth ag seirbhís don pheaca, ach a bhuí le Dia, ghéill sibh ó chroí do riail an teagaisc ar cuireadh sibh faoina threoir,
Ná cuirigí as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh ná d'eaglais Dé.
Cibé rud a bhíonn sibh a dhéanamh, oibrígí le fonn faoi mar gur don Tiarna agus nach do dhaoine a bheadh sibh á dhéanamh,