[Ní dhéanfaidh mé] óir thogh mé é d'fhonn go dtabharfadh sé aithne dá chlann agus dá theaghlach ina dhiaidh slí an Tiarna a choimeád ag déanamh an chirt agus na córa, i dtreo go dtabharfadh an Tiarna d'Abrahám a bhfuil geallta aige dó.”
Ansin dúirt Dáiví le Solamh a mhac: “Bí daingean teann agus tabhair faoin obair. Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat mar tá an Tiarna Dia, mo Dhia-sa, le d'ais. Ní theipfidh seisean ort ná ní thréigfidh sé thú nó go mbeidh an saothar go léir atá le déanamh do theach an Tiarna curtha i gcrích!
Tabhair do Sholamh mo mhac croí meáite ar d'aitheanta, do reachtanna, agus d'fhorálacha, a chomhlíonadh; go gcuire sé iad go léir i bhfeidhm agus an pálás seo a d'ullmhaigh mé duit a thógáil.”
“Bí aireach i mbeart, agus bí san airdeall. Ná déan dearmad ar na nithe a chonaic do shúile cinn agus ná lig dóibh sleamhnú as do chroí aon lá de do shaol; múin do do shliocht iad agus do shliocht do shleachta.
Cuimhním freisin ar an gcreideamh glan sin agat. An creideamh úd a bhí ag do sheanmháthair Laoise romhat agus ag do mháthair Eunaícé, táim cinnte go bhfuil sé agatsa chomh maith.
agus tuigeann tú chomh maith go raibh eolas agat ó aois na hóige ar na scríbhinní naofa a bhfuil de chumas acu tú a dhéanamh eagnaí agus tú a sheoladh chun do shlánaithe trí chreideamh i gCríost Íosa.
Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna.”
Ansin dúirt Mánóach: “Anois, nuair a chomhlíonfar do bhriathra, cén sort riail bheatha a bheidh ag an ógánach agus conas a dhéanfaidh sé é féin a iompar?”