Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eifisigh 5:16

An Bíobla Naofa 1981

ag cur na huaire chun sochair, mar is olc iad na saolta seo.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Dúirt sé leo: “Tá sé fós ina lá mór maith; níl sé in am na tréada a sheoladh isteach; tugaigí uisce do na caoirigh, agus seolaigí amach chun féaraigh arís iad.”

Ní thabharfar a náire in am na tubaiste, agus líonfar iad in am an ghorta.

Roinn do mhaoin i seacht nó in ocht gcuid, mar níl a fhios agat cén tubaiste a tharlóidh ar dhroim na talún.

Cuimhnigh ar do chruthaitheoir le linn d'óige, sula dtaga na drochlaethanta, agus go ndruide blianta na seanaoise leat, a ndéarfaidh tú fúthu: “Ní bhainim aon sásamh astu”;

Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.

Ní aon ionadh go bhfanann an fear críonna ina thost ar uair mar seo; mar is olc an uair atá ann.

Mar an gcéanna d'fhear an dá thallann; ghnóthaigh seisean dhá cheann eile.

Dúirt Íosa leo ansin: “Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag. Déanaigí siúl fad tá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchacht oraibh. An té a shiúlann sa dorchacht, níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.

Agus de bhrí go dtuigeann sibh an uair atá ann, is mithid daoibh dúiseacht as bhur gcodladh, mar is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar leis an gcreideamh.

Is é is dóigh liomsa, mar gheall ar strus na huaire, go mb'fhearr do dhuine fanacht mar atá sé.

a thug suas é féin in éiric ár bpeacaí chun sinn a fhuascailt ón saol urchóideach seo de réir mar ba thoil le Dia ár nAthair

Fad atá an deis againn, mar sin, déanaimis an mhaith do chách agus go háirithe do líon tí an chreidimh.

Gabhaigí cathéide Dé chugaibh, dá bhrí sin, i dtreo nuair a thiocfaidh lá an oilc, go bhféadfaidh sibh an fód a sheasamh, agus go mbeidh sibh fós in bhur seasamh tar éis daoibh an cath a bhaint ar an iomlán.

agus fonn leata dea-scéal na síochána mar bhróga ar bhur gcosa agaibh.

Bígí críonna in bhur gcaidreamh leis na díchreidmhigh agus bainigí leas iomlán as an deis atá agaibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí