Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.
Dúisigh, dúisigh suas! Bí i do shuí, a Iarúsailéim! Tusa a d'ól ó láimh an Tiarna cupán a fheirge. Corn an mhearbhaill, d'ól tú é, d'ól tú siar é ar fad.
Dúisigh, dúisigh suas! Cuir umat do neart, a Shíón! Cuir ort an chuid is galánta de d'éadach, a Iarúsailéim, a chathair bheannaithe. Óir ní thiocfaidh isteach chugat níos mó duine gan timpeallghearradh ná duine neamhghlan.
Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”
Mar sin é an t‑ordú atá faighte ón Tiarna againn: ‘Tá tú ceaptha agam le bheith i do sholas do na náisiúin, ionas go mbeidh tú i d'ábhar slánaithe go himeall an domhain.’ ”
Agus ná tugaigí bhur mbaill bheatha suas don pheaca le bheith ina n‑uirlisí urchóide ach, mar dhaoine a bheadh éiríthe beo ó mhairbh, déanaigí sibh féin a thabhairt suas do Dhia agus bíodh bhur mbaill bheatha ina n‑uirlisí fíréantachta ag Dia.
An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d'fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.
ach is anois beag a foilsíodh é trí thaibhsiú ar slánaitheora Críost Íosa. Chuir seisean an bás ar neamhní agus thug chun solais an bheatha agus an neamhbhásmhaireacht trí bhíthin an dea-scéil.