Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eifisigh 4:6

An Bíobla Naofa 1981

Níl ann ach aon Dia amháin atá ina Athair ag cách: é os cionn cách agus ag gníomhú i gcách agus istigh i gcách uile.

Féach an chaibidil Cóip

31 Tagairtí Cros  

Chuir sé a bheannacht air á rá: “Bíodh beannacht ar Abrám ó Dhia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún.

Óir is Dia mór é go dearfa an Tiarna; is rí mór é os cionn na ndéithe go léir.

óir is tusa ár n‑athair, cé nach n‑aithníonn Abrahám sinn agus nach cuimhin le hIosrael sinn níos mó. Tusa, a Thiarna, is athair dúinn; ár bhfuascailteoir, is é sin d'ainm riamh anall.

Nach é an t‑aon athair amháin atá againn go léir? Nach é an t‑aon Dia amháin a chruthaigh sinn? Cén fáth, mar sin, a ndéanaimid feall ar a chéile trí chonradh ár sinsear a shárú?

Ach chaitheadarsan iad féin ar an mbéal agus ar a bhfiacla, agus dúradar: “A Dhia, a Dhia na spiorad a chuireann anam i ngach feoil, an mbeidh fearg ort leis an gcomhthionól uile de bharr peaca aon duine amháin?”

agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc.

Seo mar a dhéanfaidh sibhse guí: Ár nAthair, atá ar neamh, go naofar d'ainm;

D'fhreagair Íosa: “Má bhíonn grá ag duine dom,” ar sé leis, “coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m'Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis.

Agus thug mé dóibh, agus tabharfaidh, eolas ar d'ainm, ionas, an grá a thug tú dom, go mbeadh sé iontu seo, agus mise iontu.”

“Scaoil liom!” arsa Íosa léi, “óir ní dheachaigh mé suas chun an Athar fós; ach imigh chun mo bhráithre agus abair leo: ‘Táim ag dul suas chun m'Atharsa agus chun bhur nAtharsa, chun mo Dhé-se agus chun bhur nDé-se.’ ”

Mar is uaidhsean agus trídsean agus dósan gach uile ní dá bhfuil ann. Glóir go deo leis. Amen.

agus tá oibreacha difriúla ann ach is é an Dia céanna a bhíonn á n‑oibriú go léir in gach ceann riamh acu.

Mar sin féin níl ann, i dtaca linne de, ach an t‑aon Dia amháin, an tAthair arb uaidh an uile ní agus arb ina chomhair atáimidne ann; agus níl ann ach an t‑aon Tiarna amháin, Íosa Críost, ar tríd a thagann an uile ní agus ar tríd atáimidne ann chomh maith.

Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is teampall Dé bheo sinne, de réir mar atá ráite ag Dia féin: “Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.

go hard os cionn gach ceannas agus údarás agus cumhacht agus tiarnas agus os cionn gach ainm dar féidir a ainmniú ní sa saol seo amháin é ach sa saol atá le teacht chomh maith.

Is ann chomh maith atá sibhse do bhur gcomhthógáil agus áit chónaithe Dé á dhéanamh díbh faoi luí an Spioraid.

go gcónóidh Críost in bhur gcroí trí chreideamh, go mbeidh sibh préamhaithe agus bunaithe sa ghrá

Go dtuga Dia an tAthair agus an Tiarna Íosa Críost síocháin agus grá mar aon le creideamh do na bráithre uile.

“Éist, a Iosrael: an Tiarna ár nDia, an t‑aon Tiarna.

An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean ann. Agus is mar seo a aithnímid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí