Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eifisigh 4:16

An Bíobla Naofa 1981

Mar is é a bheir don chorp a bheith fite fuaite ina chéile le cabhair gach nasc dá bhfuil ag fónamh dó, agus, de réir mar a bhíonn gach ball ag gníomhú mar is cuí, fásann an corp iomlán agus téann i méid sa ghrá.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

Mise an fhíniúin, sibhse na géaga; an té a fhanann ionamsa, agus mise ann, tugann seisean toradh mór uaidh; óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh.

Faoi mar atá mórán ball san aon chorp amháin againn agus gan an cúram céanna ar aon bhall díobh,

Ós aon arán amháin é, níl ionainne dá líonmhaire sinn ach aon chorp amháin toisc go gcaithimid go léir an t‑aon arán amháin.

Tá trí nithe ann atá buan, más ea, creideamh dóchas agus grá, ach is é an grá an ní is mó orthusan.

An cheist seo faoin mbia a ofráiltear do na híola: ar ndóigh tuigimid go bhfuil “fios” againn go léir. Mar sin féin cothaíonn an fios seo an mhórchúis, ach is é an grá a dhéanann tógáil.

Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht,

Mar in Íosa Críost is cuma an timpeallghearradh ann nó as, ach an creideamh a oibríonn trí ghrá.

Roimh thúsú an domhain roghnaigh sé sinn i gCríost chun bheith naofa gan locht os a chomhair.

go gcónóidh Críost in bhur gcroí trí chreideamh, go mbeidh sibh préamhaithe agus bunaithe sa ghrá

Rinneadh maor ar an dea-scéal sin díomsa nuair a bhronn Dia a ghrásta orm le héifeacht a chumhachta féin.

d'fhonn na naoimh a chur in oiriúint dá ndualgas, mar atá, corp Chríost a thógáil mar theach;

Má leanaimid den fhírinne le teann grá, áfach, fásfaimid suas i ngach slí nó go ndéanfar dínn Críost, is ceann orainn.

Is é mo ghuí go rachaidh bhur ngrá dá chéile i méid agus i méid le barr eolais agus tuisceana,

Agus níl aon cheangal idir é agus an ceann a thugann cothú don chorp ar fad agus a shnaidhmeann le chéile é lena chuid alt agus ballnasc agus a chuireann ag fas é mar is áil le Dia.

Is é atá uaim, go mbeadh misneach ar a gcroí, go mbeidís nasctha dá chéile le grá agus go dtiocfaidís chun barr cinnteachta agus tuisceana ionas go gcuirfidís eolas ar rúndiamhair Dé,

Cuimhnímid i láthair Dé, ár nAthair, ar a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ar a dhícheallaí atá bhur ngrá agus ar a sheasmhacht atá bhur ndóchas as ár dTiarna Íosa Críost.

Agus tá cúis eile againn le bheith ag gabháil buíochais gan staonadh le Dia: de bhrí, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nach mar theachtaireacht dhaonna a ghlac sibh é ach mar bhriathar Dé, agus sin é go díreach an rud atá ann dáiríre, mar is é Dia atá ag obair ionaibhse a bhfuil an creideamh agaibh.

Agus go ndéana an Tiarna bhur ngrá dá chéile agus do chách eile a mhéadú go fras nó go mbeidh sé ar aon chéim leis an ngrá atá againne daoibh.

Tá sé d'fhiacha orainn bheith ag gabháil buíochais gan stad le Dia mar gheall oraibh, a bhráithre, agus níl ann ach an ceart, mar tá bhur gcreideamh ag fás thar na bearta agus bhur ngrá dá chéile, gach duine agaibh, ag dul i méid.

Níl de chuspóir ag an bhfoláireamh seo ach an grá a mhúscailt a thagann as an gcroí glan, as an gcoinsias maith agus as an gcreideamh gan chluain.

Rinne sibh bhur n‑anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan.

Agus is feasach dúinn agus creidimid an grá atá ag Dia dúinn. Is grá é Dia agus an té a mhaireann sa ghrá maireann i nDia agus maireann Dia ann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí