Agus is é rún é: gur comhoidhrí na gintlithe, gur comhbhaill den aon chorp iad agus go bhfuil siad comhpháirteach sa ghealltanas i gCríost Íosa tríd an dea-scéal.
Roinnfidh sibh é mar oidhreacht oraibh féin agus ar na coimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus a ghin páistí in bhur measc. Beidh siadsan mar dhúchasaigh i measc chlann Iosrael; gheobhaidh siad oidhreacht le crannchur mar aon libhse i measc treibheanna Iosrael.
Tharla amhlaidh chun go dtitfeadh beannacht Abrahám ar na gintlithe in Íosa Críost agus go bhfaighimisne, tríd an gcreideamh, an Spiorad a bhí geallta.
Agus níl aon cheangal idir é agus an ceann a thugann cothú don chorp ar fad agus a shnaidhmeann le chéile é lena chuid alt agus ballnasc agus a chuireann ag fas é mar is áil le Dia.
Fógraímid daoibhse an ní sin a chonaiceamar agus a chualamar le go mbeadh páirt agaibh linne, fearacht mar atá againne leis an Athair agus lena Mhac Íosa Críost.