Agus anois: “Éirigh, a Thiarna, a Dhia, agus isteach leat i do áit suaimhnis, tusa agus áirc do chumhachta. Tá an slánú um do shagairt mar éide, agus cuireann d'fhéile lúcháir ar d'fhíréin.
Líonfar an gleann atá idir na cnoic ó Ghóa go dtí Iásól agus druidfear é faoi mar a tharla tar éis an chreatha talún in aimsir Uiziá, rí Iúdá. Tiocfaidh an Tiarna, mo Dhia, ansin agus a chuid naomh go léir in éineacht leis.
agus ní mise a mhaireann beo feasta ach Críost a mhaireann ionam. An saol a chaithim sa cholainn anois, caithim é faoi luí an chreidimh atá agam i Mac Dé a thug suas é féin ar mo shon le neart grá dom.
Ach d'fhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn nuair a rinneadh rud mallaithe de féin ar ár son mar tá scríofa: “Is mallaithe cách a chrochtar ar chrann.”
Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.
An té a bheireann bua, tabharfaidh mé cead dó suí taobh liom i mo ríchathaoir, faoi mar a bhí an bua agamsa agus gur shuigh mé taobh le m'athair ina ríchathaoir.