Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eifisigh 2:2

An Bíobla Naofa 1981

nuair a leanadh sibh bealaí an tsaoil seo agus nuair a ghéilleadh sibh do phrionsa ríocht an aeir, don spiorad úd atá ag gníomhú inniu féin i lucht na míréire.

Féach an chaibidil Cóip

64 Tagairtí Cros  

Le linn dósan a bheith ag caint, tháinig duine eile agus dúirt: “Thit tine le Dia ó neamh agus dhóigh an tréad agus na seirbhísigh, á loscadh go hiomlán; agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.”

agus féach! tháinig gaoth mhór anall thar an bhfásach agus bhuail ceithre chúinne an tí i dtreo gur thit sé anuas ar na daoine óga gur éagadar uile, agus nár tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.”

Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Cá has a dtáinig tú?” D'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Ó bheith ag fuaidreamh ar fud an domhain, agus ag siúl anonn is anall ann.”

Má chuaigh mo chos i leataobh ón mbealach, Nó má lean mo dhúil mo shúil, Nó má thóg mé aon ní i mo ghlac,

Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoine a bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo. Líonann tú a mbolg as do líonmhaireacht go mbíonn díol a sáithe ag a gclann, agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí.

Is mairg do chlann na ceannairce! - briathar an Tiarna é seo. Tá beart á chur i bhfeidhm acu nach liomsa é, ag snaidhmeadh páirtíochta nár shéid m'anáilse fúithi, ionas go bhfuil cion sa mhullach ar chion á charnadh acu.

Cé faoi atá sibh ag fonóid, cé faoi an clab sin oraibh, agus cé chuige a shánn sibh amach bhur dteanga? Síol an pheaca atá ionaibh agus pór na mbréag!

(Is mar gheall ar na fir seo tá an tír ag mairgneach agus a triomaíodh féaraigh an fhásaigh.) “Chun olc a dhéanamh tá siad mear agus is é an mícheart a neart.

Ó aimsir Ghibeá amach ní raibh Iosrael saor ó pheaca; níor éirigh siad as riamh! Nach i nGibeá a bhéarfaidh an cogadh orthu mar sin?

an ostrais, an seabhac oíche, an faoileán, gach cineál seabhaic;

Tháinig Mac an Duine agus bíonn sé ag ithe agus ag ól, agus deir siad: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’ Agus fuair an eagna a ceart as a hoibreacha féin.”

An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é.

Is é an domhan an gort. An síol maith muintir na ríochta. Dream an oilc an cogal,

ach go dtagann cúraimí an tsaoil agus mealladh an tsaibhris agus mianta i rudaí eile isteach, go bplúchann siad an briathar agus fágtar gan toradh é.

Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais.

“A Shíomóin, a Shíomóin, féach, fuair Sátan mar aisce sibh a chriathradh ar nós an arbhair;

Anois atá breith á tabhairt ar an saol seo. Anois atá prionsa an tsaoil seo le teilgean amach.

Le linn an tsuipéir agus tar éis don diabhal a chur ina chroí ag Iúdás, mac Shíomóin Isceiriót, go mbraithfeadh sé é -

Ansin díreach i ndiaidh an bhruain, chuaigh Sátan isteach ann. Dúirt Íosa leis dá bhrí sin: “A bhfuil agat á dhéanamh, déan go tapa é!”

Ní labhróidh mé mórán eile libh, mar tá prionsa an tsaoil seo ag teacht agus níl neart ar bith aige ormsa.

Dá mba den saol sibh bheadh cion ag an saol ar a chuid féin. Ach de bhrí nach den saol sibh ach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol, uime sin atá fuath ag an saol daoibh.

i dtaobh an bhreithiúnais, de bhrí go bhfuíl daorbhreith tugtha cheana féin ar phrionsa an tsaoil seo.

Ní féidír don saol fuath a thabhairt daoibhse, ach tá fuath aige domsa mar go dtugaim fianaise ina thaobh go bhfuil a oibreacha go holc.

Lean sé air: “Is ón áit thíos sibhse,” ar sé leo, “is ón áit thuas mise. Is den saol seo sibhse, ní den saol seo mise.

Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.

Faoi dheireadh chuir cléireach an bhaile an slua chun suaimhnis agus labhair sé leo: “A mhuintir Eifeasas,” ar seisean, “an bhfuil duine ar bith nach bhfuil a fhios aige gurb í cathair Eifeasas is caomhnóir ar theampall Airtimis Móire agus ar a híomhá a thit ó neamh?

Labhair Peadar leis: “A Anainias,” ar seisean, “cén fáth ar líon Sátan do chroí sa chaoi gur inis tú bréag don Spiorad Naomh agus cuid de luach na feirme a choinneáil agat féin.

Ná leanaigí patrún an tsaoil seo ach cuirigí malairt meoin oraibh féin trí athnuachan aigne ar shlí go n‑aithneodh sibh cad é is toil le Dia, cad é atá maith agus taitneamhach agus foirfe.

Ní hiad drúisigh an tsaoil seo i gcoitinne a bhí i gceist agam ar ndóigh, na bithiúnaigh agus gadaithe agus íoltóirí i gcoitinne, mar nár mhór daoibh an saol a fhágáil sa chás sin.

Agus is mar sin a bhí cuid agaibhse tráth ach tá sibh nite anois, tá sibh coisricthe agus fíréanaithe in ainm an Tiarna Íosa Críost agus i Spiorad ár nDé.

is é sin ar lucht an díchreidimh a bhfuil an intinn dallta iontu ag dia an tsaoil seo ar eagla go lonródh an solas orthu, solas niamhrach dea-scéil Chríost, an té is macasamhail de Dhia féin.

a thug suas é féin in éiric ár bpeacaí chun sinn a fhuascailt ón saol urchóideach seo de réir mar ba thoil le Dia ár nAthair

go hard os cionn gach ceannas agus údarás agus cumhacht agus tiarnas agus os cionn gach ainm dar féidir a ainmniú ní sa saol seo amháin é ach sa saol atá le teacht chomh maith.

Cuimhnígí, dá bhrí sin, ar an mbail a bhí oraibhse tráth - sibhse na gintlithe ó dhúchas a raibh “lucht an fhorchraicinn” mar ainm oraibh ag an dream a thugadh “lucht an timpeallghearrtha” orthu féin, ag tagairt don mharc lámhdhéanta úd ar an gcolainn.

Anois, áfach, tá sibh i gCríost Íosa; sibhse a bhí tráth i bhfad i gcéin, tá sibh tagtha i ngaire de bharr fhuil Chríost.

Bhíomarna uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis d'ainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile.

Is é a deirim libh, mar sin, in ainm an Tiarna, gan bhur saol a chaitheamh ar nós na bpágánach a mbíonn a n‑aird ar nithe baotha,

Agus is é teagasc a fuair sibh bhur seansaol a chaitheamh uaibh, an sean-nadúr a bhíonn á thruailliú ag ainmhianta claona;

Ná mealladh aon duine sibh le hargóintí baotha, mar sin iad na peacaí a tharraingíonn fearg Dé anuas ar lucht na míréire.

mar ní raibh ionaibh tráth ach dorchadas, ach is solas anois sibh sa Tiarna. Iompraígí sibh féin, más ea, ar nós clann an tsolais -

Mar ní le naimhde daonna atáimid i ngleic ach le tiarnais agus cumhachtaí agus rialtóirí domhain seo an dorchadais, le hainspridí na bhflaitheas.

Tráth dá raibh, bhí sibhse féin in earraid [le Dia] agus naimhdeach dó in bhur n‑aigne, de dheasca bhur ndrochghníomhartha;

Mar thit Déamas i ngrá leis an saol seo, thréig sé mé agus d'imigh leis go Teasaloinicé. D'imigh Créiscéas go Galait agus Títeas go Dalmait.

Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.

Óir ná bíodh an té sin á mheas go bhfaighidh

A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin.

Dála leanaí géilliúla, ná téigí i gcosúlacht ainmhianta an aineolais ina raibh sibh cheana,

Is leor an t‑am atá thart le déanamh mar is áil leis na gintlithe, ag caitheamh a saoil le ragairne, le hainmhianta, le meisce, le carús, le hól agus le híoladhradh mídhleathach.

Tá a súile lán d'adhaltranas, doshásta le peacaí; bíonn siad ag mealladh anamacha corrthónacha, agus a gcroí cleachtaithe ar an tsaint. Clann na mallachta!

Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair.

An té a dhéanann an peaca is den diabhal é mar gur peacach an diabhal ó thús. Is chuige seo a foilsíodh Mac Dé, go scriosfadh sé saothar an diabhail.

Sibhse, áfach, a chlann liom, is ó Dhia daoibh agus tá buaite agaibh orthu siúd, mar gur treise an té atá ionaibhse ná an té atá ar an saol.

Is feasach dúinne gur ó Dhia sinn agus go bhfuil an saol le chéile faoi thionchar an diabhail.

Óir gach a ghintear ó Dhia sáraíonn sé an saol agus is í an chaithréim a sháraíonn an saol, ár gcreideamh.

An dragan mór, an nathair nimhe chianaosta, an té ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té a mheallann an saol go léir, teilgeadh chun na talún é, agus teilgeadh a aingil mar aon leis.

Meallann sé áitritheoirí an domhain leis na comharthaí a cheadaítear dó a dhéanamh os comhair an bheithígh, agus deir sé le háitritheoirí an domhain dealbh a dhéanamh don bheithíoch ar a raibh goin an chlaímh agus a mhair.

Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.

Dhoirt an seachtú haingeal a shoitheach ar an aer agus tháinig an guth tréan as an teampall ón ríchathaoir, á rá: “Tá sé curtha i gcrích!”

Fuair sé an lámh in uachtar ar an dragan, an nathair nimhe chianaosta, an té is Diabhal agus is Sátan, chuir sé faoi chuibhreacha é ar feadh míle bliain,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí