Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eifisigh 2:11

An Bíobla Naofa 1981

Cuimhnígí, dá bhrí sin, ar an mbail a bhí oraibhse tráth - sibhse na gintlithe ó dhúchas a raibh “lucht an fhorchraicinn” mar ainm oraibh ag an dream a thugadh “lucht an timpeallghearrtha” orthu féin, ag tagairt don mharc lámhdhéanta úd ar an gcolainn.

Féach an chaibidil Cóip

29 Tagairtí Cros  

Cuimhneoidh sibh ansin ar bhur mbealaí agus ar bhur ngníomhartha lenar truaillíodh sibh; agus tabharfaidh sibh fuath daoibh féin as an uile pheaca dar chleacht sibh.

Ansin cuimhneoidh sibh ar bhur ndrochiompar agus ar bhur ndrochimeachtaí. Beidh gráin agaibh oraibh féin as bhur bpeacaí agus bhur ngníomhartha gránna.

Dúirt siad: ‘Mar nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo: ‘Sibhse freisin, isteach san fhíonghort libh.’

Agus má scoitheadh féin cuid de na craobhacha den chrann olóige agus má nódaíodh thusa, an ológ fhiáin, ina n‑áit sa tslí go bhfuil tú páirteach anois i sú na holóige,

Ar an taobh eile de, an fear nach bhfuil timpeallghearrtha ach a choimeádann reachtanna an dlí, nach n‑áireofar é siúd nach bhfuil timpeallghearrtha mar dhuine atá?

Go deimhin an té atá gan timpeallghearradh na colainne, má chomhlíonann sé an dlí tabharfaidh sé daorbhreith ortsa a bhíonn ag sárú an dlí d'ainneoin cód scríofa agus timpeallghearradh a bheith agat.

Tá a fhios agaibh fad a bhí sibh in bhur bpágánaigh go mbíodh sibh do bhur seoladh ar mearbhall i ndiaidh na n‑íol balbh.

Agus is mar sin a bhí cuid agaibhse tráth ach tá sibh nite anois, tá sibh coisricthe agus fíréanaithe in ainm an Tiarna Íosa Críost agus i Spiorad ár nDé.

Is Giúdaigh ó dhúchas sinne agus ní aon pheacaigh de shliocht gintlí atá ionainn.

Na daoine seo atá ag brú an timpeallghearrtha oraibh, is iadsan ar mhaith leo bheith taibhseach sa cholainn agus gan d'aidhm acu ach go n‑éalóidís ó ghéarleanúint mar gheall ar chrois Chríost.

nuair a leanadh sibh bealaí an tsaoil seo agus nuair a ghéilleadh sibh do phrionsa ríocht an aeir, don spiorad úd atá ag gníomhú inniu féin i lucht na míréire.

mar ní raibh ionaibh tráth ach dorchadas, ach is solas anois sibh sa Tiarna. Iompraígí sibh féin, más ea, ar nós clann an tsolais -

Cuimhnigh air go raibh tú féin i do dhaor i dtír na hÉigipte agus gur fhuascail an Tiarna do Dhia thú; uime sin a ordaím é seo duit inniu.

Cuimhnigh go raibh tú féin i do dhaor i dtír na hÉigipte agus coimeád na reachtanna seo le barr cúraim.

Cuimhnigh go raibh tú féin i do sheirbhíseach i dtír na hÉigipte agus go dtug an Tiarna do Dhia amach as siúd thú le láimh láidir agus le géag ar tinneall; uime sin d'aithin an Tiarna do Dhia duit an tsabóid a choimeád.

Agus cuimhnigh ar an gcaoi go léir ar threoraigh an Tiarna do Dhia thú le daichead bliain san fhásach, d'fhonn tú a umhlú, tú a phromhadh, agus eolas a chur ar rún do chroí féachaint an gcoimeádfá a aitheanta nó nach ndéanfá.

“Cuimhnigh air agus ná déan dearmad de conas mar a ghriog tú an Tiarna do Dhia chun feirge san fhásach. Ón lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte go dtí gur tháinig tú chun na háite seo, bhí sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna.

Is againne atá an fíorthimpeallghearradh mar is faoi anáil an Spioraid a adhraímid Dia agus is as Íosa Críost atá ár maíomh in ionad dul i muinín na colainne,

Tráth dá raibh, bhí sibhse féin in earraid [le Dia] agus naimhdeach dó in bhur n‑aigne, de dheasca bhur ndrochghníomhartha;

Is ann freisin a timpeallghearradh sibhse ach ní leis an timpeallghearradh a rinneadh le láimh an duine é ach le timpeallghearradh Chríost, trínar baineadh an nádúr collaí anuas díbh.

Bhí sibh marbh de dheasca bhur gcionta agus de cheal timpeallghearradh na colainne; ach d'athbheoigh [Dia] sibh i bpáirt le Críost; mhaith sé dúinn ár gcionta uile,

Ní Giúdach ná Gréagach atá ann feasta, duine timpeallghearrtha ná duine gan timpeallghearradh, barbarach ná Scíotach, saor ná daor ach Críost amháin - Críost an Uile agus é san uile ní.

Chuir Dáiví ceist ansin ar na fir a bhí ina seasamh taobh leis: “Cén luach saothair a gheobhaidh an té a mharóidh an Filistíneach seo agus a ghlanfaidh an smál d'Iosrael? Cé hé an Filistíneach seo gan timpeallghearradh a bhfuil sé de dhánaíocht aige masla a thabhairt do shluaite Dé bheo?”

Mharaigh do shearbhónta idir leoin agus bheithreacha, agus tabharfar an íde chéanna leo ar an bhFilistíneach seo gan timpeallghearradh ós rud é gur thug sé a dhúshlán le sluaite Dé bheo.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí