Eazrá 9:6An Bíobla Naofa 1981agus dúirt: “A Dhia, tá ceann faoi orm agus lasaim le náire agus m'aghaidh á tógáil chugat agam, a Dhia liom, mar méadaíodh ár gcoireanna nó go bhfuil siad níos airde ná ar gceann, agus carnadh suas ár bpeaca ionas go sroicheann sé na flaithis. Féach an chaibidil |
Bhí fáidh leis an Tiarna ann darbh ainm Obaed agus ghabh sé amach i gcoinne an airm ar a slí ar ais go dtí an tSamáir agus dúirt: “Bhí an Tiarna, Dia bhur sinsear, i bhfearg le Iúdá agus thug sé ar láimh daoibh iad dá bhrí sin, ach rinne sibhse ár orthu, lena leithéid de fhíoch gur shroich sé chun na bhflaitheas.