Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eazrá 8:33

An Bíobla Naofa 1981

Ar an gceathrú lá tomhaiseadh an t‑ór agus an t‑airgead i dTeampall ár nDé agus tugadh iad ar a lámha do Mharaemót an sagart, mac Úiríá, agus mar aon leis bhí Eileázár mac Phíneachás; agus ina dteannta bhí na Léivítigh Iózábád mac Iéisiúa agus Nóaidiá mac Bhionúi.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

ar na Léivítigh: Iózábád, Simeí, Caeláiá - Cilíeá is é sin - Pataichiá, Iúdá agus Eilíeizir;

Na Léivítigh, clann mhac Iéisiúa, agus Chaidmíéil: clann mhac Hódavá, seachtó a ceathair.

thomhais mé amach chucu an t‑airgead, an t‑ór, na soithí, agus na hofrálacha a thoirbhir an rí agus a chomhairleoirí agus a mhaithe, agus na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair, do Theampall ár nDé.

Thomhais mé amach ina lámha chucu: sé chéad go leith tallann airgid, céad soitheach airgid ab fhiú [dhá thallann], céad tallann óir,

Tugaigí aire dóibh agus coinnigí slán iad nó go dtomhaisfidh sibh iad i láthair na bpríomhshagart, na Léivíteach agus chinn finí Iosrael in Iarúsailéim i seomraí Theampall an Tiarna.”

Ghlac na sagairt agus na Léivítigh cúram an airgid, an óir agus na soithí, a tomhaiseadh, orthu féin, lena dtabhairt go Iarúsailéim go Teampall ar nDé.

Bhí an t‑iomlán ann idir líon agus mheáchan. Breacadh meáchan gach ní ar phár.

sin iad na sagairt. Ansin na Léivítigh: Iéisiúa mac Azainiá, Bionúi de chlann mhac Haenádád, Caidmíéil,

Hatúis, Seabainiá, Malúc,

Máiziá, Bilgí, Seamaiá;

taobh leis-sean rinne Maraemót mac Úiríá mac Hacóz stráice eile a dheisiú ó dhoras theach Eiliáisíb go dtí a cheann eile;

taobh leis-sean rinne Bionúi mac Haenádád stráice eile a dheisiú ó theach Azairiá go dtí an Uillinn,

Taobh leosan rinne Maraemót mac Úiríá mac Hacóz deisiú; taobh leis-sean rinne Misiulám mac Bheiriciá mac Mhiséazabael deisiú;

Iéisiúa, Báiní, Séiribiá, Iáimín, Acún, Seabataí, Hóidiá, Másaeiá, Cilíteá, Azairiá, Iózábád, Hánán, Paláiá - Léivítigh ab ea iadsan - mhínigh siad an dlí don phobal, agus d'fhan an pobal go léir ina seasamh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí