Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eazrá 8:28

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt mé leo: “Tá sibhse coisricthe don Tiarna; tá na soithí seo naofa; ofrálacha deonacha don Tiarna, Dia bhur sinsear, an t‑ór agus an t‑airgead.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

“Sé an dualgas atá orthu ná cabhrú le clann Árón i mbun seirbhís Theampall an Tiarna, agus a bheith i bhfeighil na gcúirteanna agus na seomraí, agus gach ní naofa a ghlanadh; sé a ndualgas freastal ar Theampall an Tiarna.

Bhí na Léivítigh, [a ngaolta], i gceannas ar an muintir a bhí i bhfeighil cistí Theampall an Tiarna agus i bhfeighil stór na n‑ofrálacha deonacha.

Nuair a bhí deireadh déanta, thug siad an fearasbarr airgid go dtí an rí Iahóideá agus rinneadh leis gréithe do Theampall an Tiarna, soithí don liotúirge agus do na híobairtí uileloiscthe, loingíní túise, agus árais óir agus airgid. Bhí íobairtí uileloiscthe á n‑ofráil gan stad i dTeampall an Tiarna fad a mhair Iahóideá.

fiche mias óir ab fhiú míle dáireach, agus dhá áras de chré-umha mín geal a bhí chomh luachmhar le hór.

na fir agus na mná go léir a raibh sé de chroí acu rud éigin a thabhairt don obair a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois a dhéanamh, thugadar - clann Iosrael - é mar ofráil don Tiarna le lántoil.

“Amach libh! Amach! Amach as an mBablóin, ná bainigí le rud ar bith atá neamhghlan! Amach libh as lár na háite sin! Glanaigí sibh féin, a lucht iompair shoithigh an Tiarna!

sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil, báisín airgid de mheachan seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

Dúirt sé faoi Léiví: Tabhair do Léiví do Úirím, agus do Thuimím don té dá dtug tú gean, tar éis duit é a phromhadh ag Masá, agus bheith ag spairn leis ag Miríbeá,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí