De chlann mhac Phíneachás: Géirseom; de chlann mhac Íteámár: Daníéil; de chlann mhac Dháiví: Hatúis,
Seo iad clann mhac Dháiví a rugadh dó i Heabrón: an chéadghin Amnon ó Aichíonam as Izréil; an dara mac Dáníéil ó Aibiogáil ó Chairmeil.
Clann mhac Sheacainiá: Seamaiá. Clann mhac Sheamaiá: Hatúis, Igeal, Báiriá, Nairiá, Seáfát; seisear.
Seo iad na cinn finí a chuir chun bealaigh ón mBablóin i mo theannta le linn Artaxarxaes rí, agus seo iad a nginealaigh:
Chruinnigh mé iad go bruach na habhann a shníonn go hAhavá agus shuíomar campa ansiúd ar feadh trí lá. Rinne mé iniúchadh orthu agus chonaic mé tuataí agus sagairt ina measc, ach gan aon Léivítigh.