Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eazrá 7:25

An Bíobla Naofa 1981

Agus maidir leatsa, a Eazrá, de réir eagna do Dhé atá i do sheilbh, ceap scríobhaithe agus breithiúna a riarfaidh an chóir ar mhuintir uile an chúige thar Eofrataes, orthu siúd go léir is é sin arb eol dóibh dlí do Dhé; an mhuintir nach eol dóibh é, déan é a theagasc dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

30 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Forann lena fheidhmeannaigh: “Cá bhfaighimis fear mar é seo a bhfuil spiorad Dé ann?”

Agus dúirt Forann le Iósaef: “Os rud é gur fhoilsigh Dia duit gach a bhfuil ráite agat, ní féidir go mbeadh aon duine chomh héirimiúil ná chomh críonna leatsa.

Chuala Iosrael go léir an bhreith a thug an rí, agus thugadar urraim don rí mar gur thuigeadar go raibh eagna Dé ann chun an ceart a riar.

Thug rí na hAsaíre ordú uaidh ansin: “Cuirigí ar ais ansiúd duine de na sagairt a dhíbir [mé] ón áit sin agus téadh sé chun cónaí ann, agus múineadh sé dóibh dlí Dhia na tíre.”

Agus fairis sin go dtuga sé eagna agus tuiscint duit, i dtreo, nuair a chuirfidh sé i bhfeighil Iosrael thú, go gcoimeádfaidh tú dlí an Tiarna do Dhia.

Bhí ceithre mhíle fichead díobhsan i bhfeighil sheirbhís theach an Tiarna; ba scríobhaithe agus breithiúna sé mhíle díobh;

Éirigh! Is é do chúramsa é, ach beimidne le d'ais. Bíodh misneach agat! Ar aghaidh leat!”

“Uime sin, a Thatanai, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, a Sheatar Bózanaí agus sibhse a chomhghleacaithe leo, a fheidhmeannacha an chúige thar Eofrataes, imígí ón áit sin,

Óir bhí Eazrá luite ó chroí le staidéar a dhéanamh ar dhlí an Tiarna agus lena chleachtadh, agus lena aitheanta agus a fhorálacha a theagasc d'Iosrael.

Óir tá tusa do do sheoladh ag an rí agus ag a sheachtar comhairleoirí le hiniúchadh a dhéanamh ar Iúdá agus ar Iarúsailéim de réir dhlí do Dhé atá i do sheilbh,

Bhí cách ina seasamh i láthair chuí agus bhíodar ag léamh sleachta as leabhar dhlí an Tiarna a nDia ar feadh ceathrún den lá; bhíodar ag admháil a bpeacaí ar feadh ceathrún eile den lá, agus ag adhradh an Tiarna a nDia.

Tá a thriall amach as teorainn na spéire agus a iomchuairt thart chun na teorann eile, agus níl dul óna theas ag aon ní ar bith.

Óir is é an Tiarna féin a thugann an eagna, agus is as a bhéal a thagann an grinneolas agus an tuiscint.

Is lóchrann í an aithne seo agus is solas é an teagasc; is modh beatha an ceartú agus an smacht,

Óir is é dualgas bheola an tsagairt é an t‑eolas a choimeád go cruinn agus is óna bhéalsan a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é.

Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”

Ag teacht i dtír dó chonaic sé slua mór, agus ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar a bheadh caoirigh gan aoire, agus thosaigh sé ag muineadh mórán nithe dóibh.

“Ceap breithiúna agus feidhmeannaigh sna bailte go léir a bhronnann an Tiarna do Dhia ort do do threibheanna uile; tugaidís-sean a mbreith ar an bpobal de réir na ceartbhreithe.

Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, d'fhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost.

Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí