Ní foláir gach a n‑ordaíonn Dia neimhe a chur i gcrích le díograis ar mhaithe le Teampall Dhia neimhe, le heagla go dtiocfadh fraoch a fheirge ar ríocht an rí agus a mhac.
Seo iad m'orduithe: aon duine i mo ríocht de phobal Iosrael, dá sagairt nó dá Léivítigh, a roghnóidh dá thoil féin, dul suas go Iarúsailéim, níl a bhac air dul leat.
gan agaibh mar theorainn ach céad tallann airgid, céad tomhas cruithneachta, céad dabhach fíona, céad dabhach ola, agus an oiread salainn agus a éilítear.
“Tháinig Dia na nEabhrach an treo chugainn,” ar siad; “tabhair cead dúinn aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia le heagla go dtiocfadh sé sa mhullach orainn le plá nó le faobhar claímh.”
Ar an lá sin, déanfaidh mé cloch thógála de Iarúsailéim do na náisiúin go léir; na daoine a thugann iarracht ar í a thógáil suas, gortóidh siad iad féin go mór, agus cruinneoidh náisiúin uile an domhain ina haghaidh.