Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eazrá 7:16

An Bíobla Naofa 1981

agus chomh maith céanna a bhfaighidh tú d'airgead agus d'ór i gcúige na Bablóine go léir, mar aon leis na hofrálacha deonacha a rinne an pobal agus na sagairt do Theampall bhur nDé atá in Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t‑ionracas; d'ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d'áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn.

Ansin cinn na bhfiní, taoisigh na dtreibheanna, na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus maoir ghnóthaí an rí, rinne siad a n‑ofrálacha deonacha.

Bhí lúcháir ar an bpobal mar go ndearna siad a n‑ofrálacha le barr féile, mar ba le barr croí mhóir a d'ofráil siad a dtabhartas fial don Tiarna. Bhí Dáiví rí freisin lán d'áthas.

Cuireadh Córae mac Imneá an Léivíteach, garda an gheata thoir, i bhfeighil na n‑íobairtí deonacha do Dhia, le roinn ar leith an Tiarna agus na hofrálacha sárnaofa a chur i leataobh.

Sea go deimhin, tá teach cónaithe tógtha agam duit, áit ina ndéanfá cónaí ann go brách.”

‘Ón lá a thug mé mo phobal Iosrael amach as tír na hÉigipte, níor roghnaigh mé aon chathair, in aon treibh de chuid Iosrael go léir, le teach a thógáil inti le go lonnódh m'ainm ann, ná níor roghnaigh mé aon fhear le bheith ina thaoiseach ar mo phobal Iosrael;

ach gur roghnaigh mé Iarúsailéim le go lonnódh m'ainm ann agus gur roghnaigh mé Dáiví le mo phobal Iosrael a rialú.’

Gach duine d'iarmhar a phobail, cibé áit ina bhfuil sé ag cur faoi, tagadh muintir a dhúiche i gcabhair air le hairgead, agus le hór, le maoin agus le heallach, agus le tabhartais dheonacha do Theampall Dé atá in Iarúsailéim.’ ”

Chabhraigh a gcomharsana leo ar gach bealach le hairgead, le hór, le maoin, le heallach agus le tabhartais luachmhara, agus le hofrálacha deonacha de gach sórt.

Moladh leis an Tiarna as Síón; tá cónaí air in Iarúsailéim!

Má bhíonn an dea-thoil ann beifear sásta leis an duine a thugann de réir a acmhainne agus gan dul thar a acmhainn,

Déanadh gach duine dá bhrí sin mar a bhí beartaithe ina chroí aige, agus déanadh sé sin gan doicheall gan éigean mar is geal le Dia an té a thugann go fáilteach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí