agus freisin leis an airgead agus leis an ór a bhreith leat, a d'ofráil an rí agus a chomhairleoirí go deonach do Dhia Iosrael, atá ag cur faoi in Iarúsailéim,
Ansin cinn na bhfiní, taoisigh na dtreibheanna, na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus maoir ghnóthaí an rí, rinne siad a n‑ofrálacha deonacha.
Cuir chugam dá bhrí sin fear oilte ar shaothar óir, airgid, cré-umha, iarainn, agus ar éidí corcra, craoraga, agus ar éidí gorma, agus ar cheird an ghreanta chomh maith. Níor mhór dó oibriú le mo cheardaithe oilte anseo in Iarúsailéim agus in Iúdá, an mhuintir a sholáthraigh m'athair Dáiví.
Thug a lán daoine tabhartais chun an Tiarna in Iarúsailéim, agus bronntanais do Hiziciá rí Iúdá; tar éis ar tharla, bhí ardmheas ar Hiziciá i measc na náisiún go léir.
Chabhraigh a gcomharsana leo ar gach bealach le hairgead, le hór, le maoin, le heallach agus le tabhartais luachmhara, agus le hofrálacha deonacha de gach sórt.
An Dia a chuir a ainm chun lonnaithe ann, go dtreascra sé aon rí nó aon dream a mbeidh sé de dhánaíocht iontu é seo a shárú agus Teampall Dé in Iarúsailéim a scrios! Mise, Dáire, a thug an forógra seo. Déantar é a chomhlíonadh go beacht!”
Óir tá tusa do do sheoladh ag an rí agus ag a sheachtar comhairleoirí le hiniúchadh a dhéanamh ar Iúdá agus ar Iarúsailéim de réir dhlí do Dhé atá i do sheilbh,
thomhais mé amach chucu an t‑airgead, an t‑ór, na soithí, agus na hofrálacha a thoirbhir an rí agus a chomhairleoirí agus a mhaithe, agus na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair, do Theampall ár nDé.