Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eazrá 7:13

An Bíobla Naofa 1981

Seo iad m'orduithe: aon duine i mo ríocht de phobal Iosrael, dá sagairt nó dá Léivítigh, a roghnóidh dá thoil féin, dul suas go Iarúsailéim, níl a bhac air dul leat.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Cinneadh ar fhógra a dhéanamh ar fud Iosrael ó Bhéar Seaba go Dán, ag glaoch ar an bpobal teacht go Iarúsailéim le Cáisc a chomóradh in onóir an Tiarna, Dia Iosrael, mar is beag a lean na treoracha a bhí leagtha síos.

Cibé dá mhuintir go léir atá in bhur measc, go raibh a nDia leo! Téidís suas go Iarúsailéim in Iúdá le Teampall an Tiarna, Dia Iosrael, a thógáil; eisean an Dia atá in Iarúsailéim.

Sa chéad bhliain de réimeas Chíorais, ámh, rinne Cíoras rí forógra an Teampall seo Dé a atógáil.

Ar ordú an rí Dáire rinneadh cuardach sna cartlanna sa Bhablóin mar a raibh na cáipéisí i dtaisce;

Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithe ar na sléibhte naofa; is leat [an ríogacht ó fhíorthús d'óige].

Shocraigh sé go brách iad; thug sé dlí dóibh nach rachaidh ar ceal.

mar is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus ghníomh ionaibh de réir a dhea-thola féin.

Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí