Tá an reacht seo á dhéanamh agam chomh maith: má sháraíonn aon duine an forógra seo, déantar cearchaill a staitheadh as a theach, déantar é a chéasadh uirthi, agus déantar carn aoiligh dá theach.
Má dhiúltaíonn aon duine do dhlí do Dhé - agus is é sin leis dlí an rí - cuirtear an daorbhreith i bhfeidhm air go dian - bás nó ionnarbadh, gabháil maoine nó carcair.