Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: “Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís.
“Mar seo a deir Cíoras rí na Peirse: ‘Thug an Tiarna, Dia neimhe, ríochtaí uile na cruinne dom, agus chuir sé de dhualgas orm Teampall a thógáil dó in Iarúsailéim, in Iúdá.
Agus cibé rud a bheidh de dhíth orthu do na híobairtí dóite do Dhia neimhe - tairbh óga, reithí, uain, nó cruithneacht, salann, fíon, ola - tugtar dóibh é le haghaidh an lae, gan teip de réir mar a éileoidh sagairt Iarúsailéim,
Ní foláir gach a n‑ordaíonn Dia neimhe a chur i gcrích le díograis ar mhaithe le Teampall Dhia neimhe, le heagla go dtiocfadh fraoch a fheirge ar ríocht an rí agus a mhac.
Ach a ionathar agus na cosa, níodh sé in uisce iad agus ofráladh agus dódh an sagart an t‑iomlán ar an altóir. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.
Ach a ionathar, agus a chosa, níodh sé in uisce iad agus dódh an sagart an t‑iomlán ar an altóir. Beidh an t‑uileloisctheach seo ina íobairt dhóite agus beidh a chumhracht taitneamhach leis an Tiarna.