Ach bhí súile a nDé dírithe ar sheanóirí na nGiúdach agus níor chuir siad cosc leo nó go gcuirfí tuairisc go Dáire agus go dtiocfadh freagra oifigiúil ar ais i litir uaidh i dtaobh an ghnó.
Ós rud é go mbíonn súile an Tiarna ar guardal ar fud chlár na cruinne lena chumhacht a chur i bhfeidhm ar mhaithe leo siúd a bhfuil a gcroí gan cháim ina leith, is baoth mar a rinne sibh sa ghnó seo; as seo amach beidh cogaí in bhur measc.”
agus a ghnóthaigh domsa gnaoi an rí agus a chomhairleoirí agus feidhmeannach róchumhachtach an rí. Tháinig misneach orm féin mar go raibh gnaoi an Tiarna mo Dhia orm, agus chruinnigh mé ceannairí Iosrael le chéile le dul suas in éineacht liom.
ghabh an fear seo Eazrá suas ón mBablóin. Ba scríobhaí é a bhí oilte ar dhlí Mhaois, an dlí a thug an Tiarna, Dia Iosrael. Thug an rí dó gach ar iarr sé mar bhí gnaoi a Dhé, an Tiarna, air go tréan.
Óir ba leasc liom cuideachta saighdiúirí agus marcshlua a lorg ar an rí le sinn a chosaint ón namhaid ar an tslí mar bhí sé ráite cheana féin againn leis an rí: “Tá láimh ar nDé leata mar sciath chosanta ar cách a lorgann é, agus a neart agus a fhearg ar chách a thugann cúl leis.”