Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eazrá 5:15

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt sé leis: ‘Tóg na soithí seo; tabhair ar ais iad don sanctóir in Iarúsailéim agus tógtar Teampall an Tiarna ar a láthair bhunaidh.’

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

“Mar seo a deir Cíoras rí na Peirse: ‘Thug an Tiarna, Dia neimhe, ríochtaí uile na cruinne dom, agus chuir sé de dhualgas orm Teampall a thógáil dó in Iarúsailéim, in Iúdá.

Thóg siad an altóir ar a seanláthair d'ainneoin an eagla a bhí orthu roimh phobail na tíre, agus d'ofráil siad íobairtí dóite uirthi, íobairtí uileloiscthe, ar maidin agus tráthnóna.

Agus na soithí óir agus airgid le Teampall Dé a thóg Nabúcadnazar ón Teampall in Iarúsailéim agus a thug sé leis go dtí an teampall sa Bhablóin, thóg Cíoras rí iad ón teampall sa Bhablóin agus thug ar ais iad do dhuine darbh ainm Séisbeazar, fear a cheap sé ina ghobarnóir.

Tháinig an Séisbeazar céanna dá bhrí sin agus leag sé clocha boinn Theampall Dé in Iarúsailéim; tá sé á thógáil acu riamh ó shin, ach níl deireadh déanta fós.”

Sa chéad bhliain de réimeas an rí Cíoras, thug Cíoras rí forógra: Teampall Dé in Iarúsailéim: Déantar an Teampall a atógáil mar áit ina n‑ofrálfar íobairtí agus ina dtabharfar ofrálacha [le dó]. Bíodh sé trí fichid banlámh ar fad agus trí fichid banlámh ar leithead.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí