D'fhiafraíomar díobh freisin cad ab ainm dóibh le go mbeadh a fhios agat; ar an tslí sin d'éirigh linn liosta a dhéanamh den mhuintir atá ag maoirseacht ar an muintir sin.
Sé freagra a thug siad orainn: “Searbhóntaí do Dhia neimhe agus talún sinne; tá Teampall á atógáil againn a bhí ina sheasamh mórán blianta go dtí le déanaí; rí mór ar Iosrael a thóg agus a chríochnaigh é.