Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eazrá 5:1

An Bíobla Naofa 1981

Ansin chrom na fáithe Hagaí agus Zacairiá mac Ideo ar fháidheoireacht do na Giúdaigh a bhí in Iúdá agus Iarúsailéim in ainm Dhia Iosrael a bhí ina dteannta.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Cuireadh stop leis an obair ar Theampall Dé in Iarúsailéim ar an gcuma sin. Bhí sí ina stad mar sin go dtí an dara bliain de réimeas Dháire rí na Peirse.

D'éirigh go seoidh le seanóirí Iarúsailéim i mbun a dtógála agus misneach acu de bharr fáidheoireachta Hagaí an fáidh agus Zacairiá mac Ideo.

Beidh sé féin ina údar síochána; nuair a thiocfaidh an Asaír isteach inár dtír, nuair a chuirfidh siad cos laistigh dár gcríocha, músclóimid seachtar aoire agus ochtar taoiseach ina gcoinne.

Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, ar an gcéad lá den séú mi, labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí le Zarubáibil, mac Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá agus leis an ardsagart Iósua, mac Iózádác, mar a leanas:

Ansin labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí mar a leanas:

Déanaigí machnamh ar a dtarlóidh ón lá inniu amach (ón gceathrú lá is fiche den naoú mí, ón lá ar leagadh síos bunsraith Theampall an Tiarna), déanaigí machnamh

Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Músclaígí bhur misneach, sibhse atá ag éisteacht sna laethanta seo leis na briathra seo ó bhéal na bhfáithe atá ag déanamh tairngreachta, ón lá ar leagadh bunsraith theach Thiarna na Slua, ionas go n‑atógfaí an Teampall.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí