Rachúm an rialtóir, Simseai an rúnaí, a gcomhghleacaithe eile, na breithiúna, na gobharnóirí, na feidhmeannaigh Pheirseacha, muintir Uruc, agus na Bablóine agus Shúsa - na hÉalámaigh is é sin -
Thug rí na hAsaíre daoine ón mBablóin, ó Chútá, ó Avá, ó Hamát, agus ó Shafarvaím, agus chuir sé iad chun cónaithe i gcathracha na Samáire in áit chlann Iosrael. Ghabh siadsan seilbh ar an tSamáir agus chuaigh chun cónaí ina cathracha.
Ansin is ea a tháinig Tatanaí, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, agus Seatar Bózanaí agus a gcomhghleacaithe chucu agus cheistíodar iad: “Cé thug údarás daoibh an Teampall seo a thógáil agus an tsaoireacht seo a dhéanamh?”
Cóip den litir a chuir Tatanaí, gobharnóir an chúige thar Eofrataes agus Seatar Bózanaí agus a chomhghleacaithe, na feidhmeannaigh sa chúige thar Eofrataes, go dtí Dáire rí:
“Uime sin, a Thatanai, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, a Sheatar Bózanaí agus sibhse a chomhghleacaithe leo, a fheidhmeannacha an chúige thar Eofrataes, imígí ón áit sin,
- is scáfar an fhís a fuair mé - tá fear na creiche i mbun creiche, tá an sladaí ag slad. “Suas leat, a Éalám, suas chun an léigir libh, a Mhéideacha! Cuirfidh mise críoch leis an gcaoineadh.”
“Tá Éalám ansin agus a comhluadar uile thart timpeall a huaighe, iad uile marbh, arna dtitim leis an gclaíomh; d'imigh siad síos gan timpeallghearradh in íochtar an domhain. Ach bhí an uair ann a raibh tír na mbeo ar uafás roimpi. Iompraíonn siad a náire leo siúd a théann síos go Seól.