agus go mbíodh ríthe cumhachtacha i réim in Iarúsailéim agus ceannas acu ar an gcúige thar Eofrataes go léir, agus go ndéanaidís cánacha agus custaim agus táillí a thobhach,
Rinne an Tiarna Conradh le hAbrám an lá sin á rá: “Tabharfaidh mé do do shliocht an dúiche seo ó Abhainn na hÉigipte go dtí an Abhainn Mhór, an Eofrataes,
Leath Solamh a chumhacht thar na ríochtaí go léir ón Abhainn go tír na bhFilistíneach agus go teorainn na hÉigipte. Thug siad cíos chuig Solamh agus rinne siad seirbhís dó gach lá dá shaol.
Óir bhí sé i gceannas ar an dúiche go léir laistiar den Eofrataes, ar na ríthe go léir laistiar den Eofrataes, ó Thifseá go Gazá, agus bhí síocháin aige ar gach teorainn máguaird.
Chuir Dáiví lucht ceannais i bhfeighil Arám na Damaisce agus ghéill na hAramaeigh go léir do Dháiví agus d'íocadar cáin leis. Thugadh an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a dtéadh sé.
Nuair a chonaic géillsinigh Hadad Eizir go raibh buaite orthu ag Iosrael, rinne siad síocháin le Dáiví, agus ghéill dó. Níorbh áil leis na hAramaeigh ansin a thuilleadh cabhrach a thabhairt do na hAmónaigh.
Thug cuid de na Filistínigh bronntanais go dtí Iahóiseáfát agus airgead mar cháin; thug na hArabaigh féin seacht míle seacht gcéad reithe agus seacht míle seacht gcéad pocán gabhair.
agus sa mhéid gur chóir faisnéis a thabhairt don rí dá dtógfaí an chathair úd arís agus go ndeiseofaí a ballaí, go ndiúltódh siad cáin a íoc, nó custaim, nó taillí iompair, agus go ndítheoidís údarás an rí;
Tá sé á chur in iúl againn don rí, má atógtar an chathair seo arís, agus go ndeiseofar a ballaí, gur gearr eile a bheidh greim agat ar aon chríocha sa chúige thar Eofrataes.
agus go ndearnadh iniúchadh, de réir mar a d'ordaigh mé, go bhfuarthas amach go n‑éiríodh an chathair seo amach in aghaidh ríthe, agus go síoltaí ceannairc agus comhcheilg inti,
Bíodh a fhios agaibh chomh maith go bhfuil cosc ar cháin nó custaim nó táillí a leagan ar shagairt nó ar Léivítigh, ar chantairí nó ar ghardaí geata, ar thíolacthaigh nó ar shearbhóntaí Theampall Dé.
Ochón! An chathair a bhíodh plúchta le daoine, maireann sí léi féin ar an uaigneas; is cosúil le baintreach anois í siúd ar mhór ab fhiú í i measc na náisiún; banphrionsa i measc na gcúigí ab ea í ach is daorstát í faoi láthair.
Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D'éirigh seisean agus lean sé é.