Eazrá 4:2An Bíobla Naofa 1981tháinig siad go Zarubáibil [agus go Iéisiúa] agus go cinn na bhfiní, agus dúirt siad: “Ba mhaith linn tógáil in bhur dteannta, mar adhraimid bhur nDia bhur ndála féin, agus tá íobairt á déanamh againn chuige ó aimsir Éasar Hadón rí na hAsaíre a thug anseo sinn.” Féach an chaibidil |
Anois, dá bhrí sin, a Dhia linn, A Dhia mhór na cumhachta agus na heagla, Atá dílis do do chonradh agus buanseasmhach i do ghrá, Nára beag leat an ainnise go léir A tharla dúinne, dár ríthe, agus dár dtaoisigh, dár sagairt, dár bhfáithe, (dár sinsir), agus dár muintir go léir Ó ré ríthe na hAsaíre go dtí inniu féin.