Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eazrá 3:9

An Bíobla Naofa 1981

D'aontaigh Iéisiúa agus a chlann mhac agus a bhráithre, mar aon le Caidmíéil, [Bionúi agus Hódavá], dul i bhfeighil na muintire a bhí ag obair ar Theampall an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Bhí ceithre mhíle fichead díobhsan i bhfeighil sheirbhís theach an Tiarna; ba scríobhaithe agus breithiúna sé mhíle díobh;

Rinne na fir a gcuid oibre go dílis; cuireadh i gceannas orthu: Iachat agus Obaidiá, Léivítigh de chlann Mharáraí; agus Zacairiá agus Misiulám, de chlann Chohát, mar mhaoir ar an obair; agus Léivítigh a raibh gach duine díobh oilte ar an gceol liotúirgeach;

Na Léivítigh, clann mhac Iéisiúa, agus Chaidmíéil: clann mhac Hódavá, seachtó a ceathair.

Ba sa dara mí den dara bliain tar éis dóibh teacht go Teampall Dé in Iarúsailéim a chrom Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar an obair leis an gcuid eile dá mbráithre, na sagairt, na Léivítigh agus an mhuintir go léir a d'fhill ar Iarúsailéim ón deoraíocht. Cheap siad na Léivítigh a bhí fiche bliain d'aois nó os a chionn i bhfeighil na hoibre ar Theampall an Tiarna.

taobh leis-sean rinne Bionúi mac Haenádád stráice eile a dheisiú ó theach Azairiá go dtí an Uillinn,

Na Léivítigh: clann mhac Iéisiúa, Chaidmíéil, Bhionúi agus Hoidiá, seachtó a ceathair.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí