Eazrá 3:11An Bíobla Naofa 1981Mhol siad agus mhóraigh siad an Tiarna, “Óir is maith é, agus is seasmhach go deo é a bhuanghrá d'Iosrael.” Agus chan an pobal go léir moltaí an Tiarna in ard a gcinn is a ngutha mar go raibh buncloch Theampall an Tiarna leagtha. Féach an chaibidil |
Iad siúd a sheinn an stoc agus a chan, mholadar agus mhóradar an Tiarna d'aonghuth. Thógadar a nglór i gcomhcheol leis an stoc agus leis an gciombal agus leis na gléasanna ceoil agus mholadar an Tiarna: “Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shior,” líon néal an sanctóir, is é sin, Teampall an Tiarna.
guth na lúcháire agus an ghairdeachais, glórtha an fhir nuaphósta agus na brídeoige, agus an dream a bheir íobairtí buíochais go Teampall an Tiarna ag gabháil foinn: Molaigí Tiarna na Slua, óir is maith é an Tiarna, óir maireann a bhuanghrá go brách. “Óir atógfaidh mé an tír seo mar an gcéad uair. Fógraíonn an Tiarna é!’