Chuir na sagairt, na Léivítigh, agus cuid den phobal fúthu in Iarúsailéim; agus gardaí na ngeataí, na cantairí, na tíolacthaigh, agus na hIosraelaigh eile, ina mbailte féin.
D'imíodar leo ansin agus ghlaoigh siad ar ghardaí gheataí na cathrach agus dúirt leo: “Chuamar go longfort na nArámach. Ní raibh duine beo le feiceáil ná le cloisteáil ann, ach na capaill ceangailte, agus na hasail ceangailte, agus na bothanna fágtha mar a bhíodar.”
San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna do Dhia leat: ‘Is tusa a bheidh i d'aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar mo phobal Iosrael.’ ”
Ba iad an chéad dream a chuir fúthu arís ina dtailte agus ina gcathracha ná na hIosraelaigh, na sagairt, na Léivítigh, agus freastalaithe an Teampaill.
B'iad seo muintir an chúige a d'fhill ó dhaoirse agus ó dheoraíocht. Tar éis do Nabúcadnazar rí na Bablóine iad a dhíbirt go dtí an Bhablóin, d'fhilleadar go Iarúsailéim agus go Iúdá gach duine go dtí a bhaile féin.