Rinne siad ofráil de réir a n‑acmhainne, seasca a haon míle drachma óir, cúig mhíle míoná airgid agus céad éide sagairt, ar mhaithe leis an gciste naofa.
na cuacha, na smóladáin, na babhlaí, na loingíní túise, agus na túisteáin, d'ór fíre; ceapa doirse d'ór do dhoirse an tsanctóra, an áit shárnaofa is é sin, agus do dhoirse halla an Teampaill.
Dá [bhoichte] mé, tá céad míle tallann óir curtha i leataobh agam, milliún tallann airgid, agus oiread umha agus iarainn nach féidir a thomhas, le toirt. Tá adhmad agus clocha curtha i dtaisce agam agus ní mór duit cur leo.
Nuair a shroich siad Teampall an Tiarna in Iarúsailéim, rinne cinn finí áirithe ofrálacha deonacha do Theampall an Tiarna, lena atógáil ar a sheanláthair.