Nuair a shroich siad Teampall an Tiarna in Iarúsailéim, rinne cinn finí áirithe ofrálacha deonacha do Theampall an Tiarna, lena atógáil ar a sheanláthair.
Thosaigh Solamh ansin ar theach an Tiarna a thógáil in Iarúsailéim ar Shliabh Mhóiriá mar a raibh fís ag Dáiví a athair. Sin é an áit a bhí ceaptha ag Dáiví, urlár buailte Ornán an Iabúsach.
Rinne siad ofráil de réir a n‑acmhainne, seasca a haon míle drachma óir, cúig mhíle míoná airgid agus céad éide sagairt, ar mhaithe leis an gciste naofa.
Thóg siad an altóir ar a seanláthair d'ainneoin an eagla a bhí orthu roimh phobail na tíre, agus d'ofráil siad íobairtí dóite uirthi, íobairtí uileloiscthe, ar maidin agus tráthnóna.
Óir is daoir sinn. Mar sin féin ní dhearna Dia dearmad dínn inár ndaoirse, ach nocht sé a bhuanghrá inár leith i láthair ríthe na Peirse agus fuair sé cead dúinn Teampall ár nDé a atógáil agus caoi a chur ar a fhothracha agus chuir sé foscadh agus dídean ar fáil dúinn in Iúdá agus in Iarúsailéim.
Agus gach duine a raibh sé de phreab ina chroí, agus de sponc ina chuislinn, rud a thabhairt, thángadar lena síntiús don Tiarna le haghaidh Both na Teagmhála a dhéanamh, do na seirbhísí, agus do na héidí naofa.
na fir agus na mná go léir a raibh sé de chroí acu rud éigin a thabhairt don obair a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois a dhéanamh, thugadar - clann Iosrael - é mar ofráil don Tiarna le lántoil.
agus ghlacadar ó Mhaois gach ofráil lantola dá dtug clann Iosrael le haghaidh obair an tsanctóra a dhéanamh; uime sin de bhrí gur leanadar sin orthu gach maidin ag tabhairt a n‑ofrálacha lántola,
Déanadh gach duine dá bhrí sin mar a bhí beartaithe ina chroí aige, agus déanadh sé sin gan doicheall gan éigean mar is geal le Dia an té a thugann go fáilteach.