Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eazrá 2:65

An Bíobla Naofa 1981

seachas a ndaoir agus a ndaoirseacha, seacht míle trí chéad tríocha a seacht díobhsan ar fad; bhí dhá chéad cantairí idir fhir agus mhná ina dteannta freisin.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ach dúirt Bairzilí leis an rí: “An iomaí bliain atá fágtha fós agam le caitheamh a rá is go rachainn suas go Iarúsailéim leis an rí?

Chum Irimia caoineadh do Ióisíá, caoineadh a dhéanann cantairí fear agus ban a reacadh fós inniu nuair a chaoineann siad Ióisíá; nós in Iosrael é sin anois; tá na caointe scríofa sna hOlagóin.

Ba é líon an chomhthionóil go léir ná daichead dó míle trí chéad agus a seasca,

Bhí seacht gcéad tríocha a sé chapall acu, agus dhá chéad daichead a cúig mhiúil;

seachas a ndaoir agus a ndaoirseacha, seacht míle trí chéad tríocha a seacht díobh ar fad; bhí dhá chéad daichead a cúig cantairí idir fhir agus mhná acu freisin.

Feictear do mhórshiúlta sollúnta, a Dhia; mórshiúlta mo Dhé agus mo Rí san ionad naofa;

Chruinnigh mé dom féin freisin airgead agus ór agus saibhreas ríthe agus cúigí. D'fhostaigh mé amhránaithe, idir fhir agus mhná, agus bhí sáile shaolta agus mórán ban luí agam chomh maith.

Ar theacht isteach i dteach an chinn urra dó, nuair a chonaic Íosa lucht na bhfliút agus an slua ag déanamh calláin,

Ach má deir an seirbhíseach sin ina chroí: ‘Is é an teacht mall ag mo mháistir é,’ agus go dtosóidh ag bualadh na mbuachaillí aimsire agus na gcailíní, agus ag ithe agus ag ól agus ag meisceoireacht,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí