Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eazrá 2:41

An Bíobla Naofa 1981

Na cantairí: clann mhac Ásáf, céad fiche a hocht.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Ansin cheap na Léivítigh Héamán mac Ióéil; Ásáf mac Bheiriciá, duine dá ghaolta; Éatán mac Chúiseáiá, duine dá ngaolta de chlann Mharáraí;

An t‑ochtú duine déag, Hanáiní, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

Seo iad a n‑áitribh de réir teorainneacha a dtailte: Do chlann mhac Árón d'fhine na gCohátach (mar is orthu a thit an crann),

Na Léivítigh, clann mhac Iéisiúa, agus Chaidmíéil: clann mhac Hódavá, seachtó a ceathair.

Lucht faire na ngeataí: clann mhac Shealúm, clann mhac Átaer, clann mhac Thalmon, clann mhac Acúb, clann mhac Haitíteá, clann mhac Sheobái; céad tríocha a naoi ar fad.

Nuair a bhí bunchloch shanctóir an Tiarna leagtha ag na saoir, tháinig na sagairt in éidí míne lín le stoic, agus na Léivítigh, clann Ásáf, le ciombail, d'fhonn an Tiarna a mholadh de réir reachtanna Dháiví rí Iosrael.

Matainiá mac Mhíceá, mac Zaibdí, mac Ásáf, a bhí i bhfeighil na n‑iomann agus a chuir ceann ar an ngníomh buíochais san urnaí, agus Bacbuiciá an tánaiste ar a ghaolta; agus Abdá mac Sheamúa, mac Ghálál, mac Iadútún.

Na cantairí: clann mhac Ásáf, céad daichead a hocht.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí