Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eazrá 2:1

An Bíobla Naofa 1981

B'iad seo muintir an chúige a d'fhill ó dhaoirse agus ó dheoraíocht. Tar éis do Nabúcadnazar rí na Bablóine iad a dhíbirt go dtí an Bhablóin, d'fhilleadar go Iarúsailéim agus go Iúdá gach duine go dtí a bhaile féin.

Féach an chaibidil Cóip

27 Tagairtí Cros  

Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.

Áiríodh Iosrael go léir de réir a gcraobha ginealaigh, agus tá siadsan scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá nuair a tugadh iad ar deoraíocht go dtí an Bhablóin de bharr a mídhílse.

Ba iad an chéad dream a chuir fúthu arís ina dtailte agus ina gcathracha ná na hIosraelaigh, na sagairt, na Léivítigh, agus freastalaithe an Teampaill.

Ba é líon na soithí go léir d'ór agus d'airgead ná cúig mhíle ceithre chéad [seasca a naoi]. Thug Séisbeazar an t‑iomlán sin ar fad leis nuair a d'fhill na deoraithe ar ais ón mBablóin go Iarúsailéim.

Tháinig siad le Zarubáibil, Iéisiúa, Nihimiá, Saráiá, Raeláiá, Mordacaí, Bilseán, Miospár, Bigví, Rachúm, Báná. Liosta na bhfear de phobal Iosrael:

Chuir na sagairt, na Léivítigh, agus cuid den phobal fúthu in Iarúsailéim; agus gardaí na ngeataí, na cantairí, na tíolacthaigh, agus na hIosraelaigh eile, ina mbailte féin.

Bíodh a fhios ag an rí go ndeachamar go críocha Iúdá, go Teampall Dé Mhóir; tá sé á thógáil de gharbhóga móra cloch, agus tá síleáil d'adhmad á cur leis na ballaí; tá an obair á déanamh le barr cáiréise, agus tá sí ag dul chun cinn le fuinneamh a ngéag.

agus fuarthas in Eacbatana, an dúnfort i gcúige na Méide, scrolla ar a raibh scríofa: “Cuntas:

Um an dtaca sin rinne an mhuintir a d'fhill ón mbraighdeanas, na deoraithe go léir a d'fhill, íobairtí uileloiscthe a ofráil do Dhia Iosrael, dhá tharbh déag thar ceann Iosrael go léir, nócha sé reithe, seachtó seacht uan, agus, mar ofráil pheaca, dhá phocán déag; ofráladh an t‑iomlán mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.

Seo iad na sagairt agus na Léivítigh a d'fhill le Zarubáibil mac Sheailtíéil agus le Iéisiúa: Saráiá, Irimia, Eazrá,

Amach libh as an mBablóin! Greadaigí chun siúil ó na Caildéigh! Le gártha áthais foilsigí, fógraígí an scéala; craolaigí é go críocha na talún. Abraigí: Tá an Tiarna tar éis a ghiolla Iacób a fhuascailt!

Tabharfaidh mé Iosrael ar ais dá thalamh féaraigh; biafaidh sé ar Chairmeil agus ar Bháiseán, gheobhaidh sé a sháith ar shléibhte Eafráim agus Ghileád.

D'imigh Iúdá léi ar deoraíocht chun angar agus daoirse a sheachaint; cónaíonn sí i measc na náisiún ach ní bhfaigheann sí ionad suaimhnis ann; óir, tá an tóir tar éis teacht suas léi mar a bhfuil sí i gcúngrach mór.

Ag a naimhde atá an ceannas; tá a heascairde uile faoi rath; óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadh de dheasca oll-líon a peacaí; tá a leanaí imithe ina gcimí os comhair a namhad amach.

Tá do phionósú curtha ar ceal, a iníon Shíón; ní dhíbreoidh sé thar tír amach thú choíche arís; ach smachtóidh sé thusa, a iníon Eadóm, de dheasca d'urchóide agus nochtfaidh sé do chuid peacaí.

Agus beidh cósta na farraige ag fuílleach theaghlach Iúdá; san áit sin cuirfidh siad a dtréada ar féarach; rachaidh siad chun suain um thráthnóna i dtithe Aiscileon, Óir, déanfaidh an Tiarna, a nDia, cúram díobh agus rathóidh sé iad arís.

Léigh sé an litir agus d'fhiafraigh cén cúige arbh as dó; agus nuair a fuair sé fios gurbh as an tSiléis dó, dúirt sé:




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí