Eazrá 10:8An Bíobla Naofa 1981agus aon duine nach dtiocfadh laistigh de thrí lá - ba é sin rabhadh na gceannairí agus na seanóirí - go ndéanfaí a mhaoin go léir a ghabháil agus é féin a dhíbirt ó chomhthionól na ndeoraithe. Féach an chaibidil |
Rug sé ar sheisreach damh, ghearr ina spólaí iad, agus sheol sé ó cheann ceann Iosrael iad trí lámha teachtairí, á rá: “An té nach máirséalfaidh le Sól agus le Samúéil, sin í an íde a thabharfar ar a dhaimh!” Tháinig sceimhle roimh an Tiarna ar an bpobal ansin agus mháirseáladar go léir amach d'aonbhuíon.