Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eazrá 10:7

An Bíobla Naofa 1981

Eisíodh fógra in Iúdá agus in Iarúsailéim do na deoraithe go léir a d'fhill, á rá leo cruinniú le chéile in Iarúsailéim,

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

Cinneadh ar fhógra a dhéanamh ar fud Iosrael ó Bhéar Seaba go Dán, ag glaoch ar an bpobal teacht go Iarúsailéim le Cáisc a chomóradh in onóir an Tiarna, Dia Iosrael, mar is beag a lean na treoracha a bhí leagtha síos.

Sa chéad bhliain de réimeas Chíorais rí na Peirse, i dtreo go gcomhlíonfaí briathar an Tiarna ó bhéal Irimia, mhúscail an Tiarna spiorad Chíorais rí na Peirse le forógra a thabhairt agus é a fhoilsiú ar fud a ríochta go léir:

Ansin d'imigh Eazrá leis óna ionad os comhair Theampall an Tiarna agus chuaigh isteach i seomra Iahóchánán mac Eiliáisíb mar ar [fhan sé an oíche sin] gan arán ná uisce a chaitheamh, mar bhí sé ag caoineadh feall na ndeoraithe.

agus aon duine nach dtiocfadh laistigh de thrí lá - ba é sin rabhadh na gceannairí agus na seanóirí - go ndéanfaí a mhaoin go léir a ghabháil agus é féin a dhíbirt ó chomhthionól na ndeoraithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí