Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eazrá 10:2

An Bíobla Naofa 1981

Ansin labhair Seacainiá mac Ichíéil de chlann Éalám amach agus dúirt le hEazrá: “Rinneamar feall ar ár nDia agus phósamar mná deoranta de phór dúchasach na tíre; ach dá ainneoin sin, tá dóchas éigin ann d'Iosrael fós.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

ar chlann mhac Éalám: Matainiá, Zacairiá, Ichíéil, Aibdí, Iréamót agus Éilíá;

clann mhac Éalám eile, míle dhá chéad caoga a ceathair;

clann mhac Éalám, míle dhá chéad agus a caoga ceathair;

de chlann mhac Éalám: Isiá mac Atailiá agus seachtó fear ina theannta;

Nuair a bhí an méid sin déanta tháinig na huachtaráin chugam agus dúirt: “Ní dhearna pobal Iosrael ná na sagairt ná na Léivítigh iad féin a dheighilt ó phobail na dtíortha atá báite i ngráiniúlachtaí - na Canánaigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh, na hAmónaigh, na Móábaigh, na hÉigiptigh agus na hAmóraigh -

ach fuair siad mná i measc na mban deoranta sin dóibh féin agus dá gclann mhac; tá an cine naofa cumasctha le bunadh na dtíortha; sa bheart fill seo, is iad na huachtaráin agus na feidhmeannaigh a bhí i dtús cadhnaíochta.”

An gcaithfimidne cur suas lena chloisteáil go bhfuil sibhse freisin ag déanamh na coire móire sin, agus ag fealladh ar bhur nDia trí mhná deoranta a phósadh?”

Taobh leo-san rinne Zádóc mac Iméir deisiú ar aghaidh a thí féin; taobh leis-sean rinne Seamaiá mac Sheacainiá, garda an Gheata Thoir, deisiú.

clann mhac Éalám, míle dhá chéad caoga a ceathair;

clann Éalám eile, míle dhá chéad caoga a ceathair;

Féach chuige nach ndéanann tú conradh le dúchasaigh na tíre dá rachaidh tú, nó beidh sin ina ghaiste faoi do chosa.

Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.

Ach má dhéanann sibh leathchuma, tá peaca á dhéanamh agaibh, agus tá sibh daortha mar choireacha ag an dlí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí