Ach tá mórán daoine anseo agus is é séasúr na báistí é agus ní féidir dúinn fanacht amuigh faoin spéir. Ní gnó lae nó dhó é seo, mar pheacaigh a lán againn ar an tslí seo.
Déanadh ár gceannairí ionadaíocht don chomhthionól go léir; tagadh an mhuintir inár gcathracha a thóg mná deoranta chucu ar am ceaptha agus seanóirí agus breithiúna ó gach cathair ina gcoimhdeacht, nó go gcuirfear dínn fraoch feirge ár nDé i dtaobh an ghnó seo.”