Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 9:7

An Bíobla Naofa 1981

Rinne Forann fiafraí agus féach ní raibh beithíoch de chuid na nIosraelach marbh. Ach chruaigh croí Fhorainn arís agus níor lig sé don phobal imeacht.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Is críonna é ó chroí agus is cumhachtach é ó neart. Cé a thug a dhúshlán riamh gan bheith thíos leis?

Tá a fhios agamsa áfach nach scaoilfidh rí na hÉigipte libh gan lámh thréan a luí air.

Ach bhí croí Fhorainn cruaite agus ní éisteodh sé leo faoi mar a dúirt an Tiarna.

Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Tá croí Fhorainn ina chloch. Diúltaíonn sé ligean don phobal imeacht.

Ach chruaigh Forann a chroí an uair seo chomh maith agus níor lig sé don phobal imeacht.

Ach chruaigh an Tiarna croí Fhorainn agus, mar a dúirt an Tiarna, níor thug sé cluas dóibh.

Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: “Tógaigí croibh súiche ón bhfoirnéis agus caitheadh Maois in airde san aer iad i radharc Fhorainn.

An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál, bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.

Óir bhí fhios agam go raibh tú ceanndána; is geall le féithleog iarainn do mhuineál, agus tá clár d'éadain ina phrás.

Dá réir sin déanann sé trócaire ar an duine is rogha leis agus cruann sé an croí ina rogha duine chomh maith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí