Ansin shín Maois a shlat i dtreo neimhe agus scaoil an Tiarna toirneach agus clochshneachta. Bhuail tintreach an talamh agus d'fhear an Tiarna clochshneachta ar thalamh na hÉigipte.
Le breacadh an tríú lá, tharla toirneacha agus splancanna tintrí ar an sliabh, agus scamall tiubh agus dord an-ard trumpa; agus bhí na daoine go léir sa champa ar crith.
Bhuail scéin is critheagla an pobal go léir leis na toirneacha, agus na tintreacha, agus glór an trumpa, agus deatach an tsléibhe agus sheasadar i bhfad siar.
Féach! um an dtaca seo amárach seolfaidh mé clochshneachta anuas ar an talamh chomh tiubh sin nach raibh a leithéid riamh san Éigipt ón lá a bunaíodh í go dtí inniú féin.
Thit an clochshneachta agus bhí tintreach tríd gan staonadh i dtreo nach raibh a leithéid de chlochshneachta trom i gcríocha na hÉigipte ó rinneadh naisiún di an chéad lá.
Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go gcloisfear mórgacht a ghlóir, agus taispeánfaidh sé lascadh a láimhe, i bhfraoch a chuid feirge, i gceartlár tine craosaí, i séideán báistí agus clochshneachta.
Gearrfaidh mé pionós air le plá agus le doirteadh fola. Fearfaidh mé tuile bháistí agus clocha sneachta, tine agus ruibh air féin, ar a shlua agus ar na ciníocha líonmhara a bheidh leis.
D'fhear an Tiarna clocha móra sneachta ón spéir anuas sa mhullach orthu agus iad ag teitheadh le fána ó Bhéit Horon ar feadh na slí go hAzaecá, agus mharaigh sin iad; is mó a fuair bás de bharr na gclocha sneachta ná de rinn claímh chlann Iosrael.
Agus tharla tintreacha agus tormáin, agus toirneacha; agus tharla crith mór talún nach raibh a leithéid ann ó tháinig daoine ar an domhan, bhí an crith talún úd chomh tréan sin.
Agus thit clocha móra sneachta, chomh trom le tallann, anuas ó neamh ar na daoine. Agus mhaslaigh na daoine Dia de bharr plá na gclocha sneachta, óir ba rómhór mar phlá iad.
Shéid an chéad aingeal a thrumpa, agus tharla clocha sneachta agus tine measctha ar fhuil agus teilgeadh ar an domhan iad; loisceadh trian an domhain, loisceadh trian na gcrann, agus loisceadh an féar glas go léir.