Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 9:21

An Bíobla Naofa 1981

ach an dream nár thug aon aird ar bhagairt an Tiarna, d'fhágadar a ndaoir agus a stoc amuigh.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Dírigí bhur gcroí agus bhur n‑aigne ar an Tiarna bhur nDia a lorg. Éirígí agus tógaigí sanctóir an Tiarna bhur nDia i dtreo gur féidir libh áirc chonradh an Tiarna agus soithí naofa Dé, a bhreith isteach i dteach a thógfar d'ainm an Tiarna.”

Dá dtarraingeodh sé a spiorad ar ais chuige féin, Agus a anáil a bhailiú chuige féin,

Cad tá sa duine le go ndéanfá mór níos fiú de? Nó go dtógfá ceann de?

D'fhill Forann agus d'imigh ar ais chun a thí agus níor thóg sé ceann fiú amháin de seo.

An dream i measc shearbhóntaí Fhorainn a raibh eagla orthu roimh bhagairt an Tiarna, thugadar a stoc agus a ndaoir isteach sna tithe;

Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Sín do lámh i dtreo neimhe i dtreo go dtitfidh clochshneachta ar fud chríocha na hÉigipte, ar na daoine, ar na beithígh agus ar a bhfuil de ghlasraí ag fás san ithir ar fud thír na hÉigipte.”

Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.

Rinne mé mo mhachnamh agus mé ag breathnú air agus d'fhoghlaim mé an ceacht seo ón radharc:

Dúirt an fear liom: “A mhic an duine, féach go grinn, éist go haireach agus leag d'intinn ar a dtaispeánfaidh mé duit. Óir is chun go dtaispeánfainn duit é a tugadh anseo thú. Foilsigh a bhfeiceann tú do mhuintir Iosrael.”

Nuair a bhí sí ag saothrú an bháis, dúirt na mná a bhí ina seasamh timpeall uirthi: “Ná bíodh eagla ort! Rug tú mac!” Ach níor thug sí aon fhreagra orthu agus ní raibh aon aird aici orthu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí