Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Eaxodus 9:19

An Bíobla Naofa 1981

Cuir do theachtairí uait láithreach agus cruinnigh isteach slán faoi dhíon d'eallach agus a bhfuil ar na bánta agat; óir gach duine agus gach ainmhí a bheidh lasmuigh gan é a thabhairt isteach abhaile, titfidh an clochshneachta orthu agus caillfear iad.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Bhuail sé a n‑airnéis le clocha sneachta agus a gcaoirigh le caora tine.

Threascair an clochshneachta a raibh amuigh idir dhuine agus bheithíoch, ar fud chríocha na hÉigipte; threascair sé na barraí go léir sna goirt agus d'fhág na crainn go léir ar lár sna páirceanna.

Agus lá arna mhárach chomh maith a chuir; cailleadh stoc na nÉigipteach go léir, ach níor cailleadh aon chuid de stoc chlann Iosrael.

Chuala sé an trumpa agus níor thug aird air; beidh sé freagrach ina bhás féin. Ach an fear a thabharfaidh aird, tabharfaidh sé a bheatha slán.

Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh d'éachtaí; a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm. Déan arís í lenár linn féin; lenár linn féin nocht dúinn í athuair. D'ainneoin tú a bheith suaite le fearg cuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí