D'imigh Maois amach ó láthair Fhorainn agus ghuigh chun an Tiarna.
Chuaigh Maois amach dá bhrí sin ó Fhorann agus ghuigh sé chun an Tiarna.
Ghabh Maois agus Árón amach ó láthair Fhorainn agus rinne Maois achainí chun an Tiarna i dtaobh na bhfroganna a sheol sé sa mhullach ar Fhorann.
Rinne an Tiarna mar a d'iarr Maois agus thóg sé na saithí míoltóg d'Fhorann, agus dá shearbhóntaí agus dá phobal; níor fhan ceann.
Amach le Maois dá bhrí sin ó Fhorann agus ón gcathair agus shín sé a lámha i dtreo an Tiarna; chuaigh stad ar an toirneach agus ar an gclochshneachta; níor thit báisteach a thuilleadh ar an talamh.
Admhaígí bhur bpeacaí dá chéile agus guígí ar son a chéile ionas go leigheasfar sibh; is mór í éifeacht urnaí dhúthrachtach an duine fhíréanta.