Caithfidh ár stoc dul linn chomh maith; ní fhágfaimid crúb inár ndiaidh; mar ní foláir dúinn ár n‑ofrálacha don Tiarna ár nDia a dhéanamh astu, agus ní eol dúinn féin cén íobairt atá le déanamh againn don Tiarna go sroichfimid an áit.”
“Beidh mise leat,” ar sé, “agus beidh seo mar chomhartha agat air gur mise a sheol thú. Nuair a thabharfaidh tú mo phobal leat amach as an Éigipt, déanfaidh tú Dia a adhradh ar an gcnoc seo.”
Agus éistfidh siad le do ghlór agus ní foláir duit féin agus do sheanóirí Iosrael, dul i láthair rí na hÉigipte agus a rá leis: ‘An Tiarna, Dia Iosrael, tháinig sé ag triall orainn, agus anois lig dúinn dul aistear trí lá isteach san fhásach go ndéanfaimis íobairt don Tiarna ár nDia.’
Tabhair aird, más ea, ar a bhfuil á ordú agam duit inniu. Féach! tiomáinfidh mé amach romhat na hAmóraigh, agus na Canánaigh, na Hitigh agus na Pirizigh, na Hivigh agus na Iabúsaigh.
Ansin chuaigh Maois agus Árón go Forann agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Lig do mo phobal imeacht go ndéanfaidh siad ceiliúradh domsa san fhásach.’ ”
“Tháinig Dia na nEabhrach an treo chugainn,” ar siad; “tabhair cead dúinn aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia le heagla go dtiocfadh sé sa mhullach orainn le plá nó le faobhar claímh.”
Nádáb agus Aibíchiú, beirt mhac Árón, thóg gach duine díobh a thúiseoir, chuir tine ann, túis ar an tine agus d'ofráladar i láthair an Tiarna tine mhídhleathach nach raibh ordaithe aige dóibh.